Peil an caitheamh aimsire is mó a bhí ag Pádraig nuair a bhí sé óg. Bhí sé féin ag imirt tamall leis an fhoireann óg agus scaifte eile buachaillí.
Bhí sé ag buaileadh le banna ceoil na Machaireacha. Bhí léir de mhuintir Charraig an tSeascain sa bhanna fosta. An druma a bhí Pádraig ag buaileadh. Bhain sé sult mór as, bhí léir ama caite acu ag cleachtadh. Bhí Pádraig 13 bliana d’aois san am sin.
Bhíodh siad ag dul ag na damhsaí sa halla fosta ach léir den am bhí siad ar an taobh amuigh mar nach raibh airgead acu le fáil isteach. Banna Slieve Foy a bhí ag buaileadh agus bhí siad iontach maith. Chuaigh siad ó bhaile go baile ag na damhsaí a bhíodh Slieve Foy ag buaileadh aige.
Bhí club bocsála acu fosta agus bhí Pádraig páirteach ansin, bhíodh siad ag dul thart ar na clubanna uilig. Bhí Pádraig ag bocsáil i gcraobhchluiche an chontae ach chaill sé.
Bhíodh siad ag imirt chardaí fosta i dtithe a chéile.
Bhíodh léir de na mná ag cruinniú ina theach lena mháthair, bhí gramafón aici agus bhíodh siad ag foghlaim damhsa. | 00:11:25 | |